Léirmheas Scannáin: Nocturnal Animals

Ar chúiseanna nach dtuigim, ní aithnítear an earnáil faisin mar a aithnítear earnálacha siamsaíochta eile. Murab ionann agus cúrsaí spóirt, níl mórán de sheasaimh ag cúrsaí faisin lasmuigh dá bpobal féin.Is maith liom, mar sin, nuair a éiríonn le duine ó shaol coimhthíoch an fhaisin na teorainneacha teibí a leagadh agus tabhairt faoi cheird eile. D'éirigh le Tom Ford clú agus cáil a bhaint amach mar stiúrthóir cruthaitheach Gucci agus ansin le Yves Saint Laurent go dtí gur bhunaigh sé a theach faisin féin in 2006.Thug Ford faoi scannán a stiúradh don chéad uair le  A Single Man (2009) a bhain go leor duaiseanna i bhféilte idirnáisiúnta. An uair seo, tá ról stiúrtha ag Ford ar scannán atá bunaithe ar úrscéal Austin Wright darbh ainm Tony and Susan. Is scéal scéinséira é seo, go bunúsach a neadaíonn úrscéal laistigh de mhór-scéal an scannáin. Caitheann an scannán súil ghéar ar lanúin pósta, Susan agus Hutton a bhfuil airgead mór déanta acu as saol na healaíne ach atá a bhfuil cliste ar an bpósadh. Nuair a fhaigheann Susan cóip den úrscéal nua atá scríofa ag a hiar-fhear chéile, Edward aithníonn sí trasnaíl ón úrscéal go dtí a fíorshaol atá ag titim as a chéile timpeall uirthi.Is úrscéal uaigneach, dorcha é an ceann atá scríofa ag Edward ar ionsaí fíochmhar a dhéantar ar bheirt bhan i lár na hoíche, ar thaobh an bhóthair agus na hiarrachtaí a dhéanann príomhcharactar an úrscéal díoltas a bhaint amach ar an té a rinne an ionsaí. Cé narbh fhéidir liom a rá gur bhain mé taitneamh as an scéal foréigneach, chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm agus samhlaím gurb é sin an sprioc a bhí ag Ford a fhoireann.Éiríonn leis an scannán scéal Susan agus Hutton agus a hiar-fhear chéile a cheangail leis an úrscéal agus de réir a chéile, tuigeann Susan go bhfuil díoltas á bhaint amach ag Edward uirthi, faoin tslí ar chaith sí leis agus iad pósta.Is iad Amy Adams agus Jake Gyllenhaal atá sna príomh-rólanna agus tá siad beirt le moladh go mór, go háirithe mar gur éirigh le Gyllenhaal ról Edward a ghlacadh agus é féin a athchruthú i ról an athar san úrscéal freisin.Tabharfaidh an té a bhfuil spéis acu i bhfaisean go bhfuil na héadaí agus an smideadh ag cloí go mór le haeistéitic Ford féin, láidir agus cumhachtach. B'fhiú go mór dul le Nocturnal Animals a fheiceáil, neosfaidh an aimsir an bhfanfaidh Tom Ford lena earnáil féin nó an mbeidh sé meallta i dtreo Hollywood go buan.  

Previous
Previous

Bean Faoi Bhláth

Next
Next

Minnie Rafferty: Fur Coats and Female Empowerment