An Cholainn Chuí

Is maith le idir fhir agus mhná tráchtaireacht a dhéanamh ar mo chorp. Tráchtaireacht dhearfach í ceart go leor, ach is tráchtaireacht í nach n-iarraim mar sin féin. Glacaim leis na rudaí a deirtear liom go béasach, mar sin an t-aon bhealach atá ar eolas agam, ach tá sé tuirsiúil agus réaduchtach. Is aisteach an rud é ach léiríonn taighde má thiteann do chorpsa laistigh de theorainneacha cúnga an tsainmhínithe den chorp baineann, molfar thú as rud nach raibh aon smacht agat air. A mhalairt de scéal atá ann má tharlaíonn sé nach sásaíonn do chorp an rud atá 'inghlactha' i.  cuirfear breis dúshlán romhat sa saol, dá réir.Bíodh is nach maith linn é a adhmháil, déantar luacháil ar ár gcoirp. Dar ndóigh, ní haon coincheap nua é coirp ban a cheangail lena luach agus a úsáid mar airgeadra. Is liosta gan chríoch é an liosta comhlachtaí a bhfuil úsáid bainte acu as coirp ban ina bhfeachtais fhógraíochta. Bainim úsáid as 'coirp ban' anseo d'aon ghnó, ní mná atá in úsáid acu ach a gcoirp. Féach siar ar fheachtais fhógraíochta ár linne agus déan nóta de líon na mban a labhrann sna fógraí. Ní bheidh tú i bhfad á nótáil; íomhánna aontoiseacha iad seo. Tá na mná seo geal, lánchumas, tanaí agus ina dtost.Mar aon le gach rud sa saol seo, tagann agus imíonn nósanna. Sna nóchaidí, bhí ré órga na 'Supermodels' againn, Christy, Naomi agus Claudia. Ina dhiaidh sin, tháinig Kate Moss a cairde ar an láthair agus bhí ré na waifs, iad siúd a bhí fíorthanaí. Le tamaill de bhlianta anuas, tá 'strong, not skinny' in úsáid go minic mar chuid den réabhlóid aclaíochta atá buaillte linn.b9a97550f2784121ea42551e5c3de70cInniu Déardaoin, molaim duit #transformationthursday nó #fitfam a chuardach ar Twitter nó Instagram. Os do chomhair, beidh na mílte grianghraf a bhfuil na haischlibeanna úd luaite leo. Formhór acu, grianghraif iad a bheidh roinnte ina dhá leath.  Ar thaobh amháin, an taobh 'roimh' an gclaochlú ar chlé agus ar an taobh eile, an 'toradh' i ndiaidh an chlaochlaithe. Baill den #fitfam mise agus beirt chairde liom a éiríonn go luath ar maidin le meacháin a thógáil roimh obair. Déanaim amach go bhféadfainn grianghraf mar sin a dhéanamh go héifeachtach; tá mo chorp athraithe, tá matáin agam áit nach raibh roimhe seo agus tá mé níos láidre ná mar a bhí ariamh agus tá sé le feiceáil. Is maith liom go bhfuil dul chun cinn déanta agam, ach ní dhéanann sin níos luachmhaire, níos cumhachtaí nó níos iomláine mé mar dhuine.An rud nach bhfuil le feiceáil, áfach ná an tsuaimhneas agus tsos a sholáthraíonn an spás seo dom ó imní a thagann idir mé agus codladh na hoíche, ar uairibh. Ní féidir grianghraf a thógáil den mhuinín atá cothaithe ionam i mo chorp agus m'intinn.Cuir ceist ar bhean atá i do chomhluadar inniu faoina tuairimí ar a corp féin, éist go géar leis an méid a deir sí. Tabhair faoi deara na haidiachtaí a úsáideann sí. Tá earnáil ar fiú na billiúin euro í ag impí orainn muid féin a luacháil ar ár gcoirp agus tacaíonn an tráchtaireacht leamh a dhéanann muid a gcuid aidhmeanna suaracha a bhaint amach. 

Previous
Previous

Teacht na Banríona: Sinéad Ní Uallacháin agus As an Nua

Next
Next

As an Nua Interviews: Sorcha Pollak