Tearmann na teanga, an Euro Gaelach agus an Pop-up Gaeltacht

Is iad Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha a bhunaigh an t-imeacht Gaeilge is nuálaí agus is mó tóir air le roinnt mhaith blianta anuas. Labhair mé faoina bhfuil ar bun acu agus na pleananna atá ann don Phop-Up Gaeltacht don bhliain amach romhainn..

Siún: Conas ar tháinig sibh ar an gcoincheap don Phop-Up Gaeltacht?

Peadar: Go bunúsach, bhíomar ag tabhairt freagra ar roinnt mhaith alt sna meáin a dúirt nach raibh ann dúinn; Gaeil uirbeacha a úsaideann an teanga, lasmuigh den earnáil oideachais agus nach bhfuil ag obair in earnáil na Gaeilge. 

Siún: Abair liom faoin aiseolas atá faighte agaibh go dtí seo. Chonaic mé sibh ag trácht ar dhíomá ar roinnt daoine mar gheall nach reachtáladh an t-imeacht sa chlub...

Osgur: Tá tearmann tábhachtach, dár ndóigh. Ach má tá tú chun rith go dtí an tearmann agus chun fanacht ann, conas a cheapann tú go gceapfaidh éinne go bhfuil a leithéid de dhuine agus tusa ann? Bhí go leor siar agus aniar agam le hEoin Butler ar Twitter, ach theastaigh uaim a fhiosrú cén fáth nach gcreideann sé sna cearta teanga seo agus feictear dom nach gcreideann sé go bhfuil an pobal ann agus tá baol ann uaireanta, gurb amhlaidh an scéal. Mar sin, an t-aon rud atá ar siúl againn ná go bhfuil an default language á athrú againn. Tá sé á dhéanamh go poiblí, áit nach ndéantar de ghnáth é. 

Peadar: Is ait an rud é ach bíonn gliondar ar dhaoine nuair nach mbíonn orthu Béarla a labhairt. Níl aon iachall ann, níl ann ach go bhfuil sé ag tarlúint, toisc cad chuige nach dtarlódh sé..

Siún: Measaim gurb é sin an rud a mheall daoine, an tsimplíocht.. mar, ní smaoineamh nua é teacht le chéile le Gaeilge a labhairt…

Osgur: Sin é, an nuálaíocht atá ag baint leis ná nach muid ag cruinniú le rud éigin ar leith a dhéanamh; mionshuim Gaeilge, oíche airneál, ní hé sin é. Tá sé geall le nach bhfuil aon choincheap ann, tá muid ag teacht le chéile ar mhaithe le bheith le chéile.

Siún: An ndearna sibh iarracht choinsiasach gan urraíocht a lorg?

Peadar: Rinne. An méid is mó oibre ná gan é a lorg, gan glacadh leis; a luaithe agus a dhéanann tú sin, tá polaitíocht ann.

Osgur: ...agus níl aon chiontacht ann nuair atá tú ag ól piontaí nuair nach bhfuil airgead na gcáiníocóirí á chaitheamh agat orthu!

Siún: Ritheann sé liom go bhfuil sibh ag tabhairt freagra ar níos mó ná leithéidí Eoin Butler ach go bhfuil trasnaíl ann idir an rud atá ar siúl agaibh agus an méid atá ag titim amach i Meiriceá, ag diultiú don ‘homogeneous’ society..

Osgur: Luaigh tú níos túisce go mbraitheann tú go bhfuil muid ag déanamh imeallú orainn féin.. tá muid ag déanamh imeallú orainn féin toisc nach gcreideann muid inár gcumhacht, nuair is féidir linne tionchar a imirt ar an ‘eile’. Is féidir linn tionchar a bheith againn ar an bpobal. Nuair nach bhfeictear sin, ceaptar nach bhfuil a leithéid ann. Nuair a chloistear sin, aon uair a bhíonn mír ar The Journal nó aon chuid de na meáin, bíonn muid ag éileamh. Nílimse ag rá nach bhfuil sé de cheart againn rudaí a éileamh ach caithfidh muid rud eile a léiriú fúinn féin, seachas éileamh, go bhfuil seo ‘tuillte’ againn. An rud atá uainn ná go mbeadh éad ar dhaoine. Éad ar bhealach dearfach, a chuirfidh brú ar dhaoine a bheith cosúil linn agus rud éigin a dhéanamh faoina gcumas sa teanga.

Siún: Ceapaim, in amanna nach ndearna an tacaíocht stáit a fhaigheann an teanga ach í a lagú. Bíonn muid ag brath uirthi agus níl ‘fhios againn an bhfuil muid in ann an fód a sheasamh mar nach raibh orainn é a dhéanamh go nuige seo..

Peadar: Rinneamar an chéad Phop-up Gaeltacht anseo i mBar Rua agus thuig na Gaeil-Mheiriceánacha an cur chuige, gur rud é seo a raibh an ‘foinse oscailte’ más maith leat. Thuig muintir an Tuaiscirt é freisin, ach bhí deacrachtaí anseo, sa Phoblacht. Tá daoine fós ag dul i dteagmháil linn ag fiafraí dúinn cathain a thógfaidh muid an Pop up Gaeltacht go Corcaigh?! Bhí mearbhall ar dhaoine anseo maidir leis an gcoincheap. 

Osgur: Má tá tú ag fanacht ar Aire na Gaeltachta, ag fanacht ar Enda Kenny an Ghaeilge a shabháil, beidh tú ag fanacht.. Níl anseo ach rud beag imeallach amháin, piontaí a ól. Ach, b’fhéidir go dtabharfaidh sé deis do dhaoine freastal ar rud nach dtógfaidh siad an bagáiste polaitiúil leo.

Peadar Ó Caomhánaigh agus Osgur Ó Ciardha

Siún: Cé leis a bhfuil tú ag caint leis an mbrandáil?

Osgur: Tá muid ag caint linn féin agus tá muid ag caint leis an ‘eile’. Tá muid ag iarraidh a rá leis an 'eile' nach bhfuil muid faoi thalamh agus go bhfuil fáilte rompu. Normálú is ea an Pop Up Gaeltacht, sin an sprioc.  Tá spéis agam sa mhéid a tharlaíonn ar an teorainn, idir an talamh Gaelach seo agus an saol Gallda. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh daoine nach cinneadh polaitiúil é an Ghaeilge a úsáid ach go bhfuil buntáistí tráchtála ann. Níl ag éirí linn an Ghaeilge a dhéanamh sexy ach tá fianaise againn go bhfuil a leithéid de rud ann agus euro Gaelach.

An bhfuil pleananna ann cur leis an bPop-Up Gaeltacht in 2017?

Peadar: Tá muid ar an sceideal oifigiúil le haghaidh Féile Lá ‘Le Pádraig ar an 16 Márta. Ní bheidh muid i dteach tábhairne ach ar ‘láthair’.. beidh muid scaipthe sráid i ngach pub ar sráid. An deacracht atá ann ná go mbíonn na tithe tabhairne neirbhíseach mar gheall ar an líon daoine a léiríonn spéis san imeacht, mar sin ba mhaith linn an coincheap a fhorbairt. Ba mhaith linn a léiriú do na pubanna go bhfuil brabús le déanamh as an euro Gaelach ansin b’fhéidir go bhféadfadh na Ceanneagraíochtaí amhlaidh a dhéanamh.

Leis an scéal is déanaí a fháil faoin bPop-Up Gaeltacht, lean ar Twitter anseo iad & Facebook anseo.

Mo bhuíochas le Peadar agus Osgur as a gcuid ama a roinnt liom. 'Sé an chéad uair dom fear/ fir a chur faoi agallamh anseo agam agus ní haon chomhtharlúint é go n-aithním go bhfuil an-mheas acu beirt ar mhná. 

Previous
Previous

As an Nua Interviews: 'Women are Boring' Founders, Catherine Connolly and Grace Mc Dermott.

Next
Next

As an Nua Interviews: Doireann Ní Ghríofa