Comóradh bliana As an Nua

Is ait liom é a scríobh ach tá bliain iomlán imithe thart ó bunaíodh As an Nua.Cuireadh tús leis an suíomh seo toisc gur aithin mé go raibh spás dá leithéid ann. Scríbhneoireacht, scéalta agus plé ar staid reatha na mban in Éirinn, idir Ghaeilge agus Bhéarla. I ndiaidh bliain a chaitheamh leis, tá bród agus ríméad orm go bhfuil sé fós ann agus ag dul ó neart go neart, dar liom.Ba é Voltaire a dúirt (i bhFraincís, ar dtús) 'perfection is the enemy of good' agus creidim go bhfuil sin fíor i gcás As an Nua. Ba chéim sa dorchadas ab ea beagnach gach uile agallamh a chur mé ar na haíonna flaithiúla, tacúla ón tús. Rinne mé teagmháil le formhór acu thar na meáin shóisialta; bean amháin ag síneadh amach a láimhe go mná eile. Cúis áthais dom a rá gur thapaigh gach uile duine an deis labhairt liom. Chaith siad am luachmhar ag comhrá agus ag roinnt a raibh foghlamtha acu le strainséir. Má tá ceacht amháin foghlamtha agamsa go nuige seo ó As an Nua, 'séard a bheadh ann ná go bhfuil go mná dá chéile, cé nach leanann sé an dioscúrsa traidisiúnta atá cruthaithe ag sochaí patrarcach, ba mhaith linn tacú lena chéile. As an Nua ag comóradh blianaBraithim go bhfuil an suíomh óg go fóill, ar nós an pháiste bhig atá ag tabhairt faoi shiúl don chéad uair, ar a cosa, an chéad chéim tógtha ach beagán míchinnte faoina bhfuil roimpi. Faighim sólás sna focail chumhachtacha seo a leanas:

"We think we are not as good as we are. I find the ‘need to be known’ thing, which has crept up via online media really weird. I would like to be known for the things that I do, not for the fact that I am good at publicising myself." (Agallamh le Susan Boyle, ar fáil anseo)"Is maith liom a bheith gnóthach agus rudaí nua a thriail, sin an bealach is fearr le rudaí a fhoghlaim an áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú, creidim." (Agallamh le Loretta Ní Ghabháin ar fáil anseo)"I will agree that there are a lot of people jumping on board the blogging world with dollar-signs in their eyes, and that’s why we need to question everything, challenge everything. Questioning publicly starts conversations and that’s hugely important in every aspect of this world." (Agallamh le Susan Jordan, ar fáil anseo)"It shifts and it changes throughout history but there are still very limiting ideas about what is acceptable for a woman. Shame is a very real thing in Ireland, which is unsurprising given how powerful the Catholic Church was for most of the 20th century." (Agallamh le Mary Mc Gill ar fáil anseo)"Along with women being invisible in the media, one of the other stereotypes often pedalled is women against women. We have had no funding, absolutely no money and we have had nothing but support from women, educated and non-educated, in the traditional sense, women who are interested in change and learning new things."  (Agallamh le Bunaitheoirí Women are Boring ar fáil anseo)"Táim ag tnúth le breis éagsúlachta a fheiceáil inár litríocht Gaeilge amach anseo, agus fáilte a chur roimh scríbhneoirí úra ó chúlraí éagsúla – ó thaobh eitneachas, inscne agus claonadh gnéis de. Bíodh áit againn inár litríocht i gcóir meonta eile agus dearcthaí nua." (Agallamh le Doireann Ní Ghríofa ar fáil anseo)

Dár ndóigh, tá leathbhádóirí agam ar an tionscnamh seo; is é Cathal Mac an Bheatha a dhear agus a chuireann comhairle leanúnach orm (fiú nuair nach n-iarraim é!) maidir le cur i láthair an tsuímh agus is í Sinéad Ní Uallacháin a chaitheann dua le líníocht atá machnamhach, cuí agus álainn. Is mór agam an bheirt acu.Go raibh maith agaibh ar fad a léigh, a roinn agus a thacaigh liom ar aon bhealach le bliain anuas.Siún. 

Previous
Previous

When doubt almost kills the dream

Next
Next

As an Nua Interviews: 'Women are Boring' Founders, Catherine Connolly and Grace Mc Dermott.