As an Nua Interviews: Hilary O'Hagan

As an Nua Interviews Hilary O’ Hagan, Headchef 3fe, founder of Blas Catering.Is duine ilgnéitheach, iltréitheach í Hilary O’ Hagan. Tá a comhlacht cócaireachta féin aici, is í an príomhchócaire in 3fe í; caifé a d’athraigh cultúr an chaifé sa tír seo, tá clár teilifíse, ‘What are you eating?’ á chur i láthair aici anois ar RTÉ 1 . Labhair muid faoi shaol an chócaire, faoina cur chuige san obair agus faoina spreagadh cruthaitheach.Siún: Inis dom faoin gcomhlacht, Blas Catering, i dtosach báire..Hilary: Thosaigh Blas Catering de thimpiste, really. Bhí mé ag obair le comhlacht lónadóireachta mór, a bhaineann le Itsa Bagel agus Domini Kemp agus iad siúd. Bhí siadsan ag dul i méid agus bhí roinnt gigs acu nach raibh spéis acu iontu, ghlac mise iadsan go neamhspleách. Cinn bheaga, 20 agus 40 duine, b’fhéidir. Ní dhéanaim an-chuid acu ach déanaim bainis ó am go chéile.S: Conas a fuair tú an post mar phríomhchócaire in 3fe?H: Bhuel, bhí aithne agam ar Colin (Harmon, úinéir agus bunaitheoir 3fe). Is cara liom é. Ag an am, bhí ag obair go páirt-aimseartha in áiteanna difriúla, bits and pieces de rudaí. Roimhe sin, bhí mé ag obair 16 uair a chloig sa lá ar feadh 6 nó 7 de bhlianta agus bhraith mé burnt out. Tháinig Colin chugam agus bhí duine á lorg aige chun cáca a dhéanamh don chaifé le seachadadh amach, i dtosach. Níor oibrigh sin amach ar chúiseanna éagsúla ach nuair a d’oscail sé an caifé seo (Sráid na Canálach Móire Íochtarach) tháinig sé chugam arís. Sin thart ar trí bliana ó shin anois.S: Sin gnáthshaol an chócaire, ag obair ó mhaidin go hoíche, nach ea?H: Yep. Nuair a fhéachaim siar anois, bhí sé an-deacair ach tá mé sásta go ndearna mé é, it makes you. Sílim go bhfuil rogha anois ag daoine é sin a dhéanamh nó gan é a dhéanamh. Dá gcuirfeá ceist orm 10 mbliana ó shin faoi shaol an chócaire, ní bheadh sé á mholadh agam d’éinne. Tá go leor bealaí oibre ann anois nach raibh ann deich mbliana ó shin. Tá sé an-tábhachtach na huaireanta fada sin a dhéanamh ag an tús, dar liom. Tugann sé work ethic láidir duit agus scileanna a bhaineann le rudaí a dhéanamh go gasta. Seasann sé leat. As an Nua interviews Hilary O'HaganS: An gceapann tú go bhfuil mórán de thionchar ag faisean ar bhia anois?H: Cinnte. Trends, is dócha an focal is oiriúnaí.S: Tá cáil ar 3fe mar chaifé comhaimseartha, an bhfuil sé de dhualgas ort súil a choinneáil ar na trends is déanaí?H: Ní dualgas é, is maith liom rudaí nua a thriail. Tá 3fe trendy, ach freisin níl mórán de attention span agam. Bím i gcónaí ar lorg rudaí nua.S: An gcabhraíonn an saol ar líne leat, chun spreagadh a fháil?H: Yep, bím ar Instagram go minic agus blaganna freisin. Domsa agus go leor daoine cruthaitheacha eile, bíonn an-tionchar ag rudaí físiúla orainn. Faighim spreagadh ó phictiúr, colour-schemes, bia i mbialanna eile freisin. Bhí mé ealaíonta riamh; dathanna, uigeacht is mó a théann i bhfeidhm orm. Ní hé go raibh cúlra an bhia agam, tá súil agam nach léann mo mháthair é seo ach ní raibh sí riamh iontach ag cócaireacht mar sin thosaigh mé ag cócaireacht as mo stuaim féin go luath i mo shaol!S: An raibh ‘fhios agat gurb é seo a bhí uait agus tú ar an mheánscoil?H: Is cuimhin liom go raibh mé ag iarraidh culinary arts a chur síos ar an CAO. Ag an am sin, bhí Gordon Ramsey agus Marco Pierre White ar an teilifís i mbun cláracha a léirigh an ghairm mar rud a bhí an-fearúil agus aggressive. Chuir sin isteach orm, bhí an chosúlacht air go raibh sé male-orientated, male-dominated agus scanrúil, le bheith fírinneach. Fuair mé comhairle ó mo mhuintir dul le cúrsa hospitality. Bhí baint ag an gcúrsa le gnó agus bhí sé níos leithne mar chúrsa, ná an cúrsa a bhí bunaithe ar an gcócaireacht amháin. Rinne mé sin ach ní raibh mé ar an mac léinn is fearr sa choláiste mar bhí mé ag iarraidh mo chuid ama ar fad a chaitheamh sa chistin.S: Luaigh tú gur cheap tú go raibh an earnáil male-orientated, an bhfuil aon athrú tagtha ar an earnáil ó shin?H: Tá an chosúlacht uirthi ón saol lasmuigh nach bhfuil mórán athrú tagtha uirthi, ach má théann níos doimhne sa scéal, tá sí ag athrú go mall. Cuirim i gcás, Jess in Kai i nGaillimh. Déanann sí stuif dochreidte. Is ionspioráid iontach í domsa agus don earnáil, is ceannródaí í i gcur chun cinn na mban san earnáil.S: Tá go leor eile agat á dhéanamh lasmuigh den obair a dhéanann tú le 3fe, idir Blas Catering, obair theilifíse agus comhairle a chur ar ghnóanna eile, conas a bhainistíonn tú do chuid ama?H: Mar chócaire gairmiúil, tá mé gafa ag bia. Ach lasmuigh den saol oibre, is ionann mo chaitheamh aimsire agus mo phost, ar bhealach. Bíonn orm ‘bheith an-eagraithe sa saol gairmiúil. Tá mo dhialann an-tábhachtach agus m’fhón freisin. Deir m’fhear céile go mbainim úsáid as mo chuid scileanna eagraithe ar fad san obair mar nuair a théim abhaile, tá mé uafásach! S: An gceapann tú go bhfuil Baile Átha Cliath anois ar chomhchéim le cathracha móra eile maidir le bia?H: Tá rogha ann anois, rud nach raibh ann cúpla bliain ó shin. Ag brath ar an rud atá uait, is maith liomsa Forest Avenue le haghaidh fine dining. Pichet thar barr freisin. Ar na háiteanna nua, tá mé tógtha le Delahunt agus Bastible. Maidir le caifés, is maith liom Fumbally agus  147 deli.S: An bhfuil tú in ann hata an chócaire a bhaint agus tú amuigh ag ithe?H: Nílim in ann é sin a dhéanamh in aon chor. Bíonn sonraí na bialainne á scrúdú agam, an tseirbhís, an bia, an tslí a chuirtear an bia i láthair gan stad.  Cuireann sé m’fhear céile as a mheabhair!S: An smaoineodh tú ar d’áit féin a oscailt riamh?H: Níl ‘fhios agam. Tá rioscaí ollmhóra ag baint le d’áit féin a thosú. Chomh maith leis sin, is breá liom 3fe agus an cultúr atá cruthaithe ag Colin ann. Tá cur chuige nua, comhaimseartha aige maidir le gnó agus tá fás ollmhór tagtha ar an ngnó. Bheadh sé an-deacair é sin a fhágáil i mo dhiaidh.S: An mbíonn tionchar ag an gcur chuige atá ag Colin ar gach duine in 3fe?H: Cinnte. Cuir i gcás, cé gur mise an phríomhchócaire, ní hé go gcuthaím an biachlár i m’aonair. Fáilím roimh mholtaí ó gach ball foirne bunaithe ar a dtaithí agus spéiseanna. Tá áit lárnach ag an gcomhoibriú i ngach a dhéantar ann. Spreagann sin mise. Níl aon rialacha anseo, athraíonn gach rud an t-am ar fad.S: Ag caint ar chultúr comhaimseartha an bhia, tá tú anois ag obair ar ‘What are you eating’ ar RTÉ 1, an gceapann tú go bhfuil athrú ag teacht ar mheon na n-Éireannach maidir le bia?H: Ceapaim go bhfuil muid ag cur le feasacht daoine, go príomha. Bhí sin ag teastáil le fada. Caithfidh muid smaoineamh ar cad as a dtagann an bia atá á ithe againn.S: Ar deireadh, is léir go mbaineann tú an-taitneamh as do phost, ach céard é an rud is fearr faoin bpost?H: An tsaoirse, déarfainn. Saoirse chruthaitheach. Níl aon rialacha ann, níl mórán áiteanna oibre mar sin ann!Má tá spéis agat sa bhia ealaíonta a dhéanann Hilary , is féidir leat í a leanúint ar Twitter agus ar Instagram nó tabhair cuairt uirthi in 3fe féin!Mo mhíle buíochas le Hilary a roinn a cuid ama liom go fial. 

Previous
Previous

What I'm reading online, right now.

Next
Next

As an Nua Interviews: Mary Mc Gill