Trump, Mc Gregor agus coincheap na fearúlachta.

Díol spéise dom Emmeline Pankhurst agus a scéal ariamh.  Thugas faoi thionscamh taighde ar chás na Suffragettes mar chuid de chúrsa staire na hArdteiste beagnach cúig bliana déag ó shin. Tá go leor léite agus pléite agam ó shin ar mhíchothromaíocht inscne ó shin trí mo shúile baineann féin.Scríobh Daithí de Mórdha alt ar Tuairisc.ie ar na dúshláin atá ann don té atá ag brath ar na meáin shóisialta lena gcuid nuachta a fháil agus ar an 'díospóireacht bhearnach' mar a thugann sé air. Tagaim leis an méid a deir sé mar is minic a tarraingíodh mé isteach in argóintí ar líne ach go háirithe maidir leis leis an ochtú leasú a aisghairm agus ar deireadh, déanaim an abhatár a díleanúint, ceal spéise agus fuinnimh agam sna hargóintí ciorcalacha. An cheist ná, an féidir tabhairt faoi pheirspeictíocht eile ar ábhar atá gar de do chroí?Rinne Barack Obama tagairt de chaint Atticus Finch sa leabhar iomráiteach To Kill a Mockingbird ina chaint dheireanach mar Uachtarán SAM nuair a dúirt sé:

“You never really understand a person until you consider things from his point of view…until you climb into his skin and walk around in it.”

Cé gur dheas liom an smaoineamh, níl 'fhios agam an bhfuil sé ina fhéidearthacht ag go leor againn. An bhfuil mise in ann mo chraiceann baineann a bhaint díom agus craiceann fearúil a chur orm? Má dhéanaim, an mbeadh sé cosúil le cóta dhuine eile a chur orm; míchompordach, mí-oiriúnach?An bhféadfainn an brú a bhraitheann fir a gcuid mothúchán a cheilt a shamhlú? An bhféadfainn ariamh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh fhir?Le teann fiosrachta, chuaigh mé ar thóir leabhar a chabhródh liom tuiscint níos fearr a fháil ar fhearúlacht mar fhéiniúlacht. Tháinig mé ar Masculinity and Irish Popular Culture, cnuasach aistí a chíorann ceisteanna ó thionchar réaltaí an CLG go dtí Joe Dolan agus tábhacht cultúrtha na Boybands in Éirinn. Leabhar den scoth atá ann a thug léargas dom ar an bhfearúlacht mar choincheap agus na teorainneacha a bhaineann leis an bhféiniúlacht. Admhaím go hoscailte nach saineolaí mé ar chás na bhfear go fóill ach áitíonn an leabhar go mbaineann cuid den bhféiniúlacht leis na daoine a théann i bhfeidhm orainn sa phobal. Is amhlaidh an scéal é le mná, dár ndóigh.An Fhearúlacht FhealltachD'fhógair Forbes anuraidh gurb é Vladimir Putin an duine is cumhachtaí sa domhan. A dhlúthchara, Donald Trump a tháinig sa dara háit. Ní fada uainn anois go mbeidh Donald ina shuí san oifig ubhchruthach ag déanamh cinntí móra, tábhachtacha. Tá na milliúin ann a chreideann gurb é slánaitheoir Mheiriceá é.Níos gaire don bhaile, is é Conor Mc Gregor nó 'Notorious' mar a thugann sé air féin, a théann i bhfeidhm ar an aos óg, Éireannach. Tá drong as cuimse dá lucht leanúna a chreideann gurb é an laoch is tábhachtaí ó bhí Fionn Mac Cumhaill ann. Leanann daoine timpeall an domhain é ag íoc na mílte euro ar thicéid do throideanna UFC, 'spórt' inar maraíodh Joao Carvalho i mBaile Átha Cliath anuraidh.

Beirt fhear atá i mbarr a réime, i ngortanna difriúla. Beirt fhear chumhachta. Beirt fhear a roinneann tréithe pearsanta ina n-iompair agus ina gcuid cainte. Beirt fhear a dhéanann gaisce as an airgead atá acu, a gcoirp agus a scaoileann lena rachtanna feargacha, ionsaitheacha ar Twitter go minic. Beirt fhear a mhaíonn as a bhfearúlacht, fearúlacht sa chomhthéacs ársa; péacógach, féinlárnach. Ní fhacthas aon léiriú poiblí ó cheachtar acu go bhfuil sé de chumas acu a bheith umhal, séimh nó cineálta go nuige seo. Ní haon chomhtharlúint é gur tréithe iad siúd a shamhlaítear le mná, go minic. Ní fhacthas ach carachtair fholamha i mbun aithrise ar 'fhearúlacht' eadomhain mar a shamhlaíonn lucht Hollywood agus comhlachtaí fógraíochta í.

I ngan fhios dúinn féin, tá na meáin, dioscúrsa na nuachta agus an saol a chuirtear os ár gcomhair á munlú acu.Dá mhéid daoine a thugann cluas éisteacht leo is ea is cumhachtaí a bheas siad. Fíoraíonn Trump agus Mc Gregor an méid sin. Tugaimís cluas bodhar dóibh ach bíodh ár súile ar oscailt againn, tá féiniúlacht na fearúlachta á teorannú lá i ndiaidh lae. 

Previous
Previous

As an Nua Interviews: Doireann Ní Ghríofa

Next
Next

Births, Deaths and Marriages.