As an Nua Interviews: Loretta Ní Ghabháin

Tá an scéalaíocht cumhachtach.  Tugann na meáin shóisialta deis dúinn scéalta nua a chloisteáil, glórtha úra a aimsiú. Tá gairm bheatha déanta ag Loretta Ní Ghabháin as an spéis a bhí aicisean sna meáin dhigiteacha. Phléigh muid na dúshláin a bhaineann le do chomhlacht féin a bhunú, saol poiblí na meán sóisialta agus go leor, leor eile nuair a bhualamar le chéile i nGaillimh le déanaí.Siún: Inis scéal LorG media, cén chaoi ar rugadh an comhlacht?Loretta: Bhí suim agam i gcónaí sna meáin agus i gcúrsaí cumarsáide; rinne mé staidéar ar an mBéarla agus Cumarsáid sa bhunchéim agus bhí an iarchéim a rinne mé bainteach le cúrsaí cumarsáide agus an Ghaeilge.  Go luath tar éis dom mo chéad iarchéim a chríochnú bhí an t-ádh orm post a fháil le TG4 agus fuair mé taithí den scoth leo.  Ansin chuir mé isteach ar phost le RTÉ agus  fostaíodh mé mar stiúrthóir nuachta RTÉ/TG4, nuair a bhí mé 26 bliain d’aois agus ag an am bhí mé ar dhuine de na daoine is óige a bhain an post sin amach. Ach, bhí ‘fhios agam go raibh mé ag iarraidh rudaí eile a thriail freisin. Fad is a bhí mé mar stiúrthóir nuachta bhí mé ag obair mar léirmheastóir scannáin téilfíse, ag scríobh colún sóisialta do Foinse ag déanamh píosaí raidió agus ag déanamh cúrsa aistriúcháin freisin.Is maith liom a bheith gnóthach agus rudaí nua a thriail, sin an bealach is fearr le rudaí a fhoghlaim an áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú, creidim.  Nuair a bhí na rudaí seo ar fad ar siúl agam bhí bunchloch na comhlachta á togáil agam, cé nach raibh a fhios agam sin ag an am.  Bhí a fhios agam go raibh rud éigin eile ag teastáil agus is dóigh gur theastaigh uaim mo rud féin a dhéanamh. Is cuimhin liom nuair a chuir Ciarán Ó Cofaigh (Stiúrthóir ROSG) ceist orm post a thogáil lena chomhlacht ar scéim a bhí ar siúl le Údarás na Gaeltachta, TG4 agus le comhlachtaí neamhspleácha le traenáil a chur ar léiritheoirí óga sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.   Thapaigh mé an deis agus d’fhág mé post buan le RTÉ, bhí roinnt duine ag ceapadh go raibh mé craiceáilte ag an am! Ach bhí a fhios agam go raibh sé in am agam rud éigin nua a fhoghlaim agus d’fhoghlaim mé go leor faoin earnáil teilfíse agus níos mó faoi cén chaoi le clár a chur le chéile. Rinneadh mé cúrsaí scríbhneoirechta i gColáiste Westminister le Robert McKee agus go leor cúrsaí eile in Éirinn chomh maith. Cuireadh deiseanna iontacha ar fáil dúinn. Bhí tionchar ag mo Dhaide orm freisin, bhíodh seisean ag bunú comhlachtaí i Meiriceá agus anseo in Éirinn freisin, chonaic mé agus mé ag fás aníos gur féidir leat aon rud a dhéanamh má tá tú sásta oibriú go crua.D’oibrigh mé ansin le comhlachtaí neamhspléacha difriúla ar scannáin agus ar cláracha teilfíse. Arís, cé nach raibh a fhios agam ag an am bhí mé ar bhealach ag foghlaim uaidh na comhlachtaí seo an bealach le gnó a dhéanamh agus a aimsiú.  Bhain mé an- sásamh as an am a chaith mé in éindí le Sónta agus is leo a léirigh mé mo chéad clár fáisnéise – Seit in Ibiza – damhsa seite in Ibiza!  Bhí deis iontach agam taisteal chomh fada le Shanghai ag féile scannán leis an scannán Lón sa Spéir.Fad agus a bhí an comhlacht á bhunú agam, bhí An Samhradh Linn á chur i láthair agam.  Bhí mé ag taisteal timpeall na tíre ag lorg daoine le Gaeilge ag Margaí Feirme. Chuir mé tweet chuig Ella Mc Sweeney ó Ear to the Ground agus chuir sí go leor teagmhálacha chugam. Thug mé faoi deara ag an am go raibh sé an-éasca dul i bhfeidhm ar dhaoine. D’éirigh liom leath de mo chuid cainteoirí Gaeilge a aimsiú ar Twitter agus d’aithin mé an chumhacht a bhí ag Twitter, ba ansin a rugadh LorG Media.Lorg Logo S: Go minic, in Éirinn bíonn tuismitheoirí ag cur brú ar a gcuid páistí postanna buana a fháil, tá spéisiúil nach mar sin a bhí an tógáil a bhí agatsa..L: Rugadh i San Francisco, Meiriceá mé, is dóigh liom go raibh baint aige sin leis an tógáil a bhí agamsa. Tá dearcadh an-dearfach ag mo mháthair, rud a fuair mé uathu creidim. Cabhraíonn sé seo liom nuair atá mé ag obair dom fhéin, caithfidh tú a bheith dearfach.  Breathnaím ar mo Dhaide nach raibh ach sé bliana déag d’aois nuair d’fhág an tír seo, chuaigh sé go Ceanada ar dtús agus ansin go Meiriceá. Rinne sé a bhealach fhéin agus faoin am go raibh sé 21 bliain d'aois, bhí teach trí stór aige i lár Bhoston.  Bhí an bhunchloch ann, ar chúl mo chinn go bhféadfainnse mo rud féin a dhéanamh ó thaithí mo mhuintir.Siún: Pléann LorG leis na meáin nua, dhigiteacha go mór; tá mise agus tusa sa bhád céanna sa mhéid agus go bhfuil muid ar fáil do dhaoine ar go leor bealaí, ar líne. An bhfuil sin ina chabhair mhór duitse, go gairmiúil?L: Cabhraíonn sé, ach caithfidh mé a rá ó bhí na gasúir agam, tá mé ag streachailt leis chomh maith. Thosaigh an troid inmheánach seo nuair a fuair mé féin agus m’fhear, Ian, geallta. Tógadh grianghraf dúinn ag oscailt bialainne nua i nGaillimh agus an tseachtain dar gcionn bhí sé san Irish Independent.  Chuir sé as go Ian ag an am. Sin an chéad uair a thug mé faoi deara go raibh athruithe móra idir mise agus Ian ó thaobh an príobháideachais de.S: Ó shin, tá beirt chailíní tugtha ar an saol agaibh, an ndearna sibh cinneadh consiasach iad a chur ar líne nó gan iad a chur ar líne?L: Tá siad anseo agus ansiúd cheana féin, idir Instagram agus Facebook agus tá mé anois ar Snapchat agus bíonn físeáin dóibh ansin. Bím ag troid liom féin i m’intinn, go bhfuil ar bhealach stair na ngasúr á cruthú agam. Is cinneadh nua é dúinn ar fad, mar thuismitheoirí. Tá mé coinsiasach faoi méid a chuirim in airde, beidh siad le feiceáil ach ba mhaith liom a bheith cúramach.S: Conas a phléann tusa agus Ian le cúraimí tuismitheora agus cúraimí oibre? Go háirithe duitse, mar dhuine a bhunaigh a comhlacht féin?L: Ní bhíonn sé i gcónaí éasca ach thóg muid cinneadh nach raibh mé chun rudaí a chaitheamh san aer tar éis dom an obair seo ar fad a chur isteach sa gcomhlacht le cúpla bliain anuas. Tá Ian mar chrann taca agam.  Nuair a bhí mé ar saoire máithreachas, choinnigh mé cliant mór amháin agus chuaigh mé i dteagmháil leis na cliant ar fad, dúirt mé leo go raibh mé ag dul ar saoire máithreachais agus go mbeinn ar fáil dóibh nuair a d’fhillfinn. Bhí formhór acu togha faoi.   Bhí orm filleadh ar ais ag obair níos luaithe ná mar a cheap mé, 'théis deich seachtaine, ar deireadh!S: An raibh díomá ort faoi sin?L: Bhí! Ní raibh sé éasca é sin a dhéanamh bhí laethanta ann nuair a bhí mé sa bhaile leis an mbeirt agus ní raibh siad ach 8 seachtaine agus ar bhealach bhí an obair níos éasca ná mar a bhíonn an obair a dhéanaim gach lá. Beidh fonn ar mhná eile mé a mharú as é sin a rá, ach sin mar a bhí agamsa. Thaitin an t-am sin chomh mór liom agus níor bhreathnaigh mé ar mar obair. Go háirithe agus iad an-óg,  bhí siad á mbeathú agam féin ar feadh 2 mhí.. rud a bhí dúshlánach. Is cuimhin liom lá amháin go raibh mé i mo shuí ansin ar feadh ceithre uair a chloig déag. Tá mé an-sásta go ndearna mé é áfach, creidim gur chruthaigh sé nasc speisialta eadrainn ach bhí sé dian ar mo chorp. Braithim go ndéanann sé tú níos láidre thú, mar dhuine.S: Tá sin spéisiúil, an mbraitheann tú níos láidre go fóill?L: Níl aon dabht faoi tá mé céad faoin gcéad níos láidre ar go leor bealaí.  Bhíodh an diabhail ormsa i gcónaí súil a choinneáil ar chúrsaí oibre agus mé sa bhaile, d’éirigh mé as sin. Dírím ar chúrsaí oibre san obair agus na gasúir nuair atá mé sa mbaile anois.S: Tá beirt chailíní agat anois, an mbíonn tú ag smaoineamh faoina dtodhchaí?L: Oh bím agus táim ag iarraidh jab maith a dhéanamh leis an gcomhlacht seo agus a bheith níos fearr mar dhuine ó tháinig siad ar an saol.  Ach tá faitíos orm faoi go leor rudaí, tá cailíní óga an-fhorbartha agus fásta suas ná mar a bhí muide agus muid óg. Cuirim i gcás, tá sé go hiontach gur bhuail mise agus tusa le chéile ar líne ach rud atá níos fearr fós ná go bhfuil muid inár suí anois ar dhá tholg ag caint lena chéile. Má chailleann muid sin, tá rud an-luachmhar caillte againn, ceapaim. Facetime mar a thugann siad ar anois, tá anam an duine le feiceáil tríd na súile agus ní feidir sin a fheiceáil ar facebook!Tuigeann LorG Media an chumhacht atá anois ag na meáin dhigiteacha, go háirithe do phobal na Gaeilge.  Tá croí agus anam Loretta le haithint ina cuid oibre atá ceannródaíoch, gairmiúil agus nuálach. Gabhaim buíochas ó chroí le Loretta as a cuid ama a roinnt liom go fial liom don agallamh seo.Is féidir Loretta agus LorG media a leanúint sna háiteanna seo a leanas:ar TwitterFacebook agus ar Snapchat (@LorettaGavin)

Previous
Previous

Féach a bhfuil ann..

Next
Next

Ag labhairt ar leabhair: Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal