Bréan faoin bhfiacail


Creidim má tá rud ag dó na geirbe agat le seachtainí, nó míonna, is fiú é a scríobh síos, díreach ar mhaithe le faoiseamh, catairse, fiú. Chuige sin an píosa seo.

Tá tamall ann ó chuir mise peann le pár, go pearsanta. Caithim an lá os comhair ríomhaire ach ní mó ghlórsa atá á chur agam faoi bhráid an léitheora ach glór eagraíochtúil, glór a dhéanann iarracht daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge; léigh seo, foghlaim níos mó, an cinéal sin rud a thugann le fios gur pobal oscailte, fáiltiúil is ea pobal na Gaeilge. Tá sin fíor, formhór an ama, tá comhoibriú ag teastáil agus tacaíocht nuair a thagann sé go pobal atá scaipthe ar fud an domhain mhóir.

Níl sé fíor, áfach, le tamall anuas. B’fhéidir go mbaineann sé le brú na paindéime, b’fhéidir nach bhfuil aon dul as ag pobal beag ar líne ach tiontú ar a chéile ar deireadh, b’fhéidir dá mbeadh deis againn teacht le chéile mar a bhíodh ag Pop Up Gaeltachtaí go dtuigfimís gur daoine muid ar fad, níl ‘fhios agam cad é ach fágann sé drochbhlas i mo bhéalsa.

Nílim ag maíomh gur gá go n-aontóimís ar fad lena chéile toisc go bhfuil an teanga chéanna á labhairt againn, cuireann dearcadh éagsúla leis an saol ach shílfeá go mbeadh ciall ceannaithe againn nár éirigh go nuige seo leis an meon seo nach bhfuil daoine áirithe ‘sách maith’ le bheith inár measc?

Fillim go minic ar cheist an-simplí, bhunúsach, cé leis an teanga seo? Iad siúd a bhfuil Gaeilge ‘nádúrtha’ acu, mar atá luaite ag Oireachtas na Gaeilge mar chur síos ar an nGradam nua, ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’? Iad siúd a dhéanann iarracht teacht isteach uirthi lá i ndiaidh lae? Iad siúd a ghlacann páirt in imeachtaí Sheachtain na Gaeilge uair sa bhliain? Níl na freagraí agamsa ach tá tuiscint agam ar na nithe nár oibrigh agus sin ballaí a thógáil idir ‘muid’ agus ‘iad’.

Mar dhuine nár tógadh le Gaeilge ach anois a chaitheann cuid mhaith ama sa saol Gaelach, aithním roinnt de na dúshláin a bhaineann le háit atá faoi bhagairt, le dúchas agus cultúr a chosaint. Dár ndóigh, ní thuigfidh mé go deo gach a bhaineann le féiniúlacht dhuine Gaeltachta, ná baol air.

Ach mar dhuine a d’fhoghlaim Gaeilge ar scoil, goilleann sé orm a admháil go bhfuil roinnt mhaith den ardnósachas a shéanaim go poiblí (i mBéarla) fréamhaithe go domhain iontu siúd atá ‘Gaelach’.

Ní gá go dtaitneodh saothar liteartha leat. Mar sin, ná léigh é. Ní gá go dtaitneodh podchraoladh leat. Mar sin, ná éist leis. Ní gá go dtaitneodh duine leat, fiú, ach cáineadh pearsanta a dhéanamh orthu faoi leathcheilt? Má cheapann tusa go dtugann do chaighdeán Gaeilge cead agat sin a dhéanamh, is tusa an fhadhb.