Bean Faoi Bhláth

'Níl ann ach brón ar thaobh na mná a bhí naoi mbliana déag agus a ghlac sonc dá muinín.'

Níorbh iad soilse geala Hollywood a mheall i dtreo na scannán í, creid nó ná creid é. Shíl sí go mbeadh sé spéisiúil páirt a ghlacadh sa phróiséas cruthaitheach. Tairgeadh deis di agus thapaigh sí é, bhí sí ag súil go mór leis an scannán a fheiceáil ar an scaileán, thar aon ní eile.

Bhí an t-ádh uirthi, ní raibh aon taithí aici, ní raibh ach naoi mbliana déag slánaithe aici. Bhí fonn foghlama agus oibre uirthi, áfach. Thuig sí go mbeadh sí ag tabhairt faoi úrláir a scuabadh, tae a dhéanamh agus tascanna ilchineálacha eile nach dtiteann faoi aon scáth-théarma eile. Thuig sí go mbeadh na huaireanta fada agus nach n-íocfar í as a cuid oibre. Ghlac sí leis na nithe seo ar fad, ba thréimhse fhoghlama í.

Scuab sí na húrláir, ghlan sí boird agus rinne sí cupáin tae don fhoireann léiriúcháin. I measc na dtascanna eile, thit cúram na n-aisteoirí uirthi. Bhí sé i gceist go dtabharfadh sí aire do réaltaí an scannáin, ar bhonn praiticiúil; nuair a theastódh uisce, tae, eolas ar sceideal uathu, ba ise a sholáthraigh é.

 

Íomhá le Sinéad Ní Uallacháin
Íomhá le Sinéad Ní Uallacháin

Mar a bheifeá ag súil leis, thosaigh na haisteoirí ag cur aithne uirthi, d’fhiafraigh siad a hainm di, bhí siad fiosrach mar gheall ar a cúlra, cheistigh siad an spéis a léirigh sí i dtionscadal na scannán. D’fhás caidreamh cairdiúil, gairmiúil eatarthu. Faoi dheireadh na chéad seachtaine, bhí ‘fhios aici nuair a bhí na haisteoirí sa seomra smididh go mbeadh tae uathu agus an cineál tae a thaitin leo ar fad. An tseachtain ina dhiaidh sin, tógadh ar leataobh í agus dúradh léi nár tugadh cead di labhairt leis na haisteoirí ariamh. Meabhraíodh di gur duine gan tábhacht nó scil ab ea í. Luadh léi go raibh sé de phribhléid aici go raibh sí ar an láthair, fiú.

Stop sí ag caint leis na haisteoirí. Thosaigh sí ag streachailt le daoine a bhreathnódh sa tsúil uirthi ar an seit. Lean sí uirthi ag scuabadh na n-úrlár, a ceann cromtha. Nuair a d’fhiosraigh an príomhaisteoir an raibh sí ceart go leor, dúirt sí go raibh agus dhún sí an doras go ciúin ina diaidh.

Lorg sí comhairle óna muintir agus a cairde, bhí siad ar aon intinn go raibh sé de cheart aici airgead a lorg a chlúdódh a costas taistil. Bhuail sí isteach ar an stiúrthóir agus rinne sí iarracht a cás a phlé. Arís eile, meabhraíodh di go raibh sí gan luach, gan fiúntas. Ní bhfuair sí aon airgead.

D’fhan sí ag obair ann go dtí gur tháinig an taifead chun críche. D’oscail an fhoireann buidéal champagne nuair a bhéicigh siad ‘that’s a wrap’, ghlan sí an t-úrlár timpeall ar na léiritheoirí agus na haisteoirí, araon.

Breis agus deich mbliana ar aghaidh, castar an bhean a bhí naoi mbliana déag ar an stiúrthóir ó am go chéile sa saol beag seo. Beannaíonn siad dá chéile agus níl aon naimhdeas eatarthu, níl ann ach brón ar thaobh na mná a ghlac sonc dá muinín. Féachann sí uirthi trí na súile céanna a gortaíodh, cloiseann sí tocht ina glór go fóill agus í ag cuimhniú siar ar an tréimhse.

Tá an bhean óg sin forbartha ó shin, ach tá sí go fóill cúthail agus tá sí go fóill leochaileach, in amanna. Ach ní hí an bhean chéanna í. Nuair a tharlaíonn sé go mbíonn duine faoina stiúr i gcomhthéacs oibre, cuimhníonn sí siar ar a luathleochaileacht, ar a héiginnteacht agus ar a hóige. Caitheann sí dua breise cineáltas a léiriú le gach duine.