As an Nua Interviews: Doireann Ní Ghríofa

'Bean ghlúine atá ionam ar shlí, agus mé ag iarraidh dán nua a shaolú. Ní smaoiníonn an bhean ghlúine ach ar an gcúram atá roimpi.'

Is file í Doireann Ní Ghríofa a scríobhann as Gaeilge agus as Béarla araon. I measc na nduaiseanna atá bronnta uirthi tá Duais Rooney do Litríocht Éireannach, Sparánacht Ollamh Filíochta na hÉireann, Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide agus duais liteartha Wigtown (duais náisiúnta filíochta na hAlban). Is é ‘Oighear’ an leabhar is déanaí óna peann. Labhrann sí go hoscailte mar gheall ar chearta atáirgthe na mban in Éirinn agus tacaíonn sí leis an ngluaiseacht leis an ochtú leasú den bhunreacht a aisghairm.


An gceapann tú go raibh feith an scríbhneora ionat i gcónaí? Nó an rud é a d’eascair ionat níos déanaí sa saol?  

​Seans go raibh féith an scríbhneora ionam im’ óige ach ba níos deireanaí sa saol a d’eascair an nós agus an cheird ionam. Chuir mé peann le pár don chéad uair i 2009 (& chuir mé blianta fada díom ina dhiaidh sin sular mhothaigh mé aon leoithne gaoithe im’ sheolta). Bhíos i mbun clainne ón gcéad dán a chum mé, agus saolaíodh triúr gasúr eile dom idir an dá linn. ​Táim in éad leo siúd a thosaíonn ar shaol scríbhneoireachta agus iad i mbláth na hóige, agus an saibhreas ama atá acu le díriú ar a gcuid scríbhneoireachta. Treise leo!

​É sin ráite, is mór an spreagadh dom cás na mban-scríbhneoirí a chuaigh romham. Aon uair go mothaím ró-spíonta leis mo ríomhaire a hoscailt, cuirim i gcuimhne dom féin gur thóg Eithne Strong naonúr clainne maraon le mol mhór ​leabhair ​filíochta a chur i gcló. Tá alt le Máire Mac an tSaoi a thugann ​sólás dom​ freisin, ina dhéanann ​sí cur síos​​ ar conas mar a rinne sí a cuid filíochta a mhúnlú timpeall ar chúraimí clainne (​’​At Work: Poet as Housewife​’ – Poetry Ireland Review 28). Faoi láthair​,​ tapaím gach deis ​chun ​peann a chur le pár​ ​- deich nóiméad anseo, leathuair ansiúd. Luíonn saol na scríbhneoireachta go maith le saol clainne​​ ar shlite áirithe.

Maidir le ceist na dteangacha; an é go roghnaíonn tú teanga amháin thar cheann eile, i. an bhfuil dánta/aistí a thagann chugat i nGaeilge nó i mBéarla go fochoinsiasach, nó an roghnaíonn tú teanga?

Ní mhothaím gur rogha a bhíonn i gceist dom – nó más rogha a bhíonn ann, ní mise atá á dhéanamh, ach an dán! Éilíonn an píosa féin an teanga ina chumfar é. Is dócha go bhfuil an ceart agat gur phróiseas fochoinsiasach atá ann, thar aon ní eile. Cuma cén teanga ina mbím ag obair, an próiseas céanna a bhíonn i gceist – lasann focal éigin splanc ionam. Cuirim breosla leis go dtí go mothaím lasracha ag éirí as. Cé go mbíonn éagsúlachtaí stíle idir mo chuid dánta (ag brath ar an dteanga atá in úsáid agam), an cur chuige céanna a bhíonn ann. Béarla an teanga a bhí agam ón gcliabhán agus d’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge trí chóras na ngaelscoileanna. Mar fhile, bím “ag cuimhneamh as Béarla, ag taibhreamh as Gaeilge” mar a bhí ag Michael Hartnett.

Doireann Ní Ghríofa
Doireann Ní Ghríofa, grianghraf le Bríd O’ Donovan.

Cén fhad a thógann sé ort dánta a scríobh? An dtagann siad i bpíosaí nó íomhánna, nó an dtagann siad mar phíosaí críochnaithe?

Arís, éilíonn gach dán a mhodh scríbhneoireachta féin; is próiseas ar leith a bhíonn i gceist le gach ceann acu. Tagann siad chugam diaidh ar ndiaidh de ghnáth. Is minic go mbím ag streachailt le dán ar feadh bliana sula mbuaileann splanc tuisceana mé – agus ansin is léir dom go tobann conas an dán a chríochnú. Cuid acu, tagann siad chun críche níos tapúla, laistigh de chúpla mí… ach tarlaíonn siad ar an modh sin níos annaimhe.

Maidir le híomhánna, is cinnte go bhfásann mo chuid scríbhneoireachta astu. Mar shampla, luíonn croí an tsaothair úr liom i ndomhain an tí. Cíorann mo chnuasach ‘Oighear’ an nasc idir banúlacht agus bheith i mbun tí, agus an tigh féin mar shuíomh ina bhfuil rúndiamhracht as a eascraíonn splancacha léargais. Taiscéalaíocht atá idir lámha agam sna dánta nua seo — tá tíreolaíocht, eolaíocht, agus cúrsaí staire ar fad beo iontu. Bhí sé de rún agam íomhánna ón Uasdiamhair a chur in áiteanna nach feictear de ghnáth iad, agus coincheapa Freud a chíoradh (chomh maith le ‘The Poetics of Space’ le Gaston Bachelard agus fealsúnacht Simone de Beauvoir) i réimse an tigh féin. Ach mar a bhí an leabhar á scríobh agam, tháinig íomhánna oighir chun cinn arís is arís eile, agus diaidh ar ndiaidh d’fhás an íomhá sin ina chroí don leabhar.

Cén file is fearr leat? 
Bím de shíor ag léamh, agus ní hamháin leabhair a bhíonn idir lámha agam ach irisí liteartha – tá teacht ar ábhar iontach as Gaeilge i leithéidí The Stinging Fly, gorse, agus Comhar. Léim mórán filíochta ar an idirlíon chomh maith, feictear dom gur seans iontach é le dul i ngleic le filíocht idirnáisiúnta.
Níl bealach ar bith go bhféadfainn socrú ar fhile amháin! Táim ana-thógtha faoi láthair le scríbhneoirí Meiriceánacha: Idra Novey, Laura Kasischke, Diane Seuss, Deborah Digges, agus Ruth Stone. Ag breathnú ar an dtrá eile de Mhuir Éireann, taitníonn scríbhneoireacht le Gwyneth Lewis, Fran Lock, Fiona Benson, Amy Key agus Katherine Killalea go mór liom. Tá an t-uafás filí Éireannacha a thaitníonn liom chomh maith, dar ndóigh – iomarca le hainmniú anseo.

Cad é do mheas faoi staid reatha litríocht na Gaeilge? An bhfeiceann tú bearna ollmhór idir an dá theanga, idir scríbhneoirí agus lucht léitheoireachta?

Tá an t-ádh linn leis an saibhreas atá le feiceáil inár litríocht, im’ thuairim. Ó thaobh na filíochta de, bíonn dánta spéisiúla, dúshlánacha á léamh agam ó leithéidí Simon Ó Faoláin, Aifric Mac Aodha, Ailbhe Ní Ghearbhuigh. I leith litríocht ó bhéal, feictear dom go bhfuil éacht déanta ag Ciara Ní É le daoine óga a mhealladh chun na filíochta le Reic agus tá beogacht againn i rap/dánta Séamus Barra Ó Suilleabháin. É sin ráite, ba bhreá liom a thuilleadh saibhris a fheiceáil i litríocht na Gaeilge – sílim gur chóir dúinn spás a chruthú le h-iliomad guthanna a chloisteáil. Táim ag tnúth le breis éagsúlachta a fheiceáil inár litríocht Gaeilge amach anseo, agus fáilte a chur roimh scríbhneoirí úra ó chúlraí éagsúla – ó thaobh eitneachas, inscne agus claonadh gnéis de. Bíodh áit againn inár litríocht i gcóir meonta eile agus dearcthaí nua.

An smaoiníonn tú faoin lucht léitheoireachta agus tú i mbun pinn? Nó an féidir é sin a dhéanamh?

Ní smaoiním, i ndáiríre. An cheist is práinní a bhíonn romham agus mé i mbun pinn ná mo dhualgas don dán féin. Ní mór dom freastal air agus cuidiú leis é féin a mhúnlú. Bean ghlúine atá ionam ar shlí, agus mé ag iarraidh dán nua a shaolú. Ní smaoiníonn an bhean ghlúine ach ar an gcúram atá roimpi.
 

Meas tú an bhfuil an litríocht fós ina dlúthchuid d’fhéiniúlacht na hÉireann, mar atá?

Gan dabht ar bith. Aon uair go mbím ag léamh ag ócáid le Kevin Barry, breathnaím siar ar an lucht féachana agus bíonn siad faoi gheasa aige. Sean-draíocht an seanchaí, agus is draíodóir ar leith é Kevin. Tá bá ag muintir na hÉireann leis an ndraíocht sin. Is dóigh liom go bhfuil sé san fhuil againn, an bá sin le litríocht, leis an scéalaíocht agus le filíocht chomh maith.

Caitheann tú am ar líne, ar Twitter ach go háirithe, an léann tú mórán ar líne, nó an maith leat go bhfuil pobal ar fáil ann?

Éist, is doiligh teacht ar lucht léitheoireachta do litríocht trí mheán na Gaeilge. Feictear dom gur áis iontach í an idirlíon i leith na faidhbe sin. Tig liom pobal a mhealladh chuig dán i nGaeilge ar Twitter nó le ceann de m’fhísdánta ar YouTube – murach sin, n’fheadar an mó daoine a thiocfadh ar mo chuid dánta ar chor ar bith. Saothar 5 bliana atá sa leabhar nua seo, agus is deas liom pobal a fháil don obair sin – más féidir liom duine nó beirt a mhealladh chuig dán liom ar an idirlíon, is iontach an rud é sin! Ba mhaith liom go gcloisfear mo ghuth. Is iomaí cúis nach cloistear guthanna daoine de mo leithéidse go ró-mhinic. Táim lonnaithe ar imeall na sochaí, áit nach bhfuil ach tost: mar scríbhneoir i dteanga mionlaigh + mar bhall den phobal ​LADT (Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha) + mar bhean a oibríonn gan pá i gcúram leanaí… Deis atá san idirlíon chun mo ghuth a thabhairt ar ais dom trí mheán na filíochta. 

Tá mé fíorbhuíoch do Dhoireann as a cuid ama, an dua a chaith sí i mbun tuairimí machnamhacha a sholáthar agus físdhán úrnua, eisiach a roinnt liom. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Dhoireann agus a saothair ag na nascanna a leanas;

Mír faoin leabhar úr ar Imeall TG4 anseo 

The Manchester Review: Tuathal (Counter-Clockwise) 

The Irish Times Tinteán (Hearth)

Cóipeanna sínithe dá cnuasach ar fáil  anseo 

Agus í a leanúint ar Twitter anseo