Bac an Scríbhneora: Bagairtí An Spáis Bháin

“writing about a writer's block is better than not writing at all” ― Charles Bukowski, The Last Night of the Earth Poems

arna mhaisiú ag Sinéad Ní Uallacháin.

Phlúcfadh an spás bán, fairsing an scríbhneoir dá mbeadh an deis aige.  Féachann na céadta orm agus mé ag ithe bricfeasta agus ag caint ar éadaí atá ceannaithe agam nach bhfuil uaim ar Snapchat agus anois Instastories. Féachaimse ar ais orthu siúd freisin, cé nach bhfuil aithne agam orthu nó baint ar bith agam leo.

Slogtar siar sonraí saoil, eolas pearsanta agus feachtais mhargaíochta i bhfoirm físeán deich soicind nach maireann thar ceithre uair agus fichid. Imíonn siad agus tá mé beagnach cinnte go n-imíonn a raibh iontu ó intinn na ndaoine a d’fhéach orthu.

Déanaim físeáin gan aon eagarthóireacht, gan aon mhacnamh ar an méid a déarfaidh mé nó cé leis a bhfuil mé ag caint, fiú. Ní mar sin atá an scríbhneoireacht, ná baol air. A mhalairt atá i gceist le próiséas na scríbhneoireachta, tá machnamh, athmhachnamh, eagarthóireacht agus léamh siar sula mbrúitear ‘foilsigh’.  Téitear i ngleic le teoiric Bharthes,  ‘bás an údair’,  ligtear le sruth maidí údarásach an scríbhneora agus fágtar faoin léitheoir a mbrí féin a dhéanamh as do phíosa.

An Spás Bán

Tosaím ag scríobh ar smaoineamh a rith liom agus a bhfuil céad abairt an ailt cumtha agam, breactha sa fón agam faoi ‘nótaí’. In amanna, tógann sé breis agus deich n-iarracht orm teacht ar an abairt ‘cheart’ leis an alt a thosú. Go minic, is cur amú ama é an machnamh atá déanta agam agus an nóta a chuaigh leis; mar faoin am go bhfuil an dara halt tosnaithe agam, tá an smaoineamh sin imithe ar shlí na fírinne. Bíonn orm an t-alt sin a chur agus ní minic a éiríonn leis aiséirí i ndiaidh trí lá, faraor.

Ar feadh i bhfad, dhéanainn iarracht  leanúint leis an alt a bhí á scríobh agam ón tús agus dhéanainn neamhaird de smaoineamh nua a bhí do mo chrá. Diongbháilteacht ba chúis leis, measaim. D’éirigh mé as sin le déanaí nuair a d’aithin mé nach raibh mé ach ag cur frustrachais orm féin. Cleachtaím aireachas go laethúil, más féidir liom. Fiche nóiméad de chiúnas ar maidin. Molann an teagascóir dom súil níos géire a chaitheamh ar na céadta míle smaoineamh a ritheann trí m’intinn gach lá. Smaoinimh i bhfolach laistigh de smaoinimh eile. Nithe atá ag cur imní orm go fochoinsiasach. Diaidh ar ndiaidh, aithním na smaointí, bíodh siad dearfach nó diúltach ag teacht agus ag imeacht, mar a dhéanann an taoide ar an trá.

Anois, ligim don pheann ar phár mise a stiúradh, seachas a mhalairt. Nuair a bhuailim an lán-stad deireanach, ní minic a aithním sár-scríbhneoireacht nó dianmhachnamh fiú ach ó am go chéile faighim spléachadh fánach orm féin, mar scríbhneoir, mar dhuine. Ní beag an méid é sin.

Nóta eolais: mar iontráil dialainne a thosaigh an píosa seo, mar shampla…